Peil na nGaelscoileanna
17th Apr 2025
Bhí lá iontach againn dé hAoine seo caite i nGaelscoil na mBeann. Tháinig daltaí ó Bhunscoil an Iúir, Bhunscoil Bheanna Boirche agus Bhunscoil Mhuire agus Padráig chugainn le páirt a ghlacadh i bPeil na nGaelscoileanna. Bhí scileanna iontacha agus ardchaighdeán peile le feiceáil ar na páirceanna. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí lá iontach ag gach duine! Comhghairdeas le Sheá ó Bhunscoil an Iúir a bhí roghnaithe mar ‘Ghaeilgeoir an Lae’.


Gaelscoil na mBeann agus Naíscoil na mBeann, 127a Newcastle Rd, Kilkeel, Newry BT34 4NL | Telephone: (028) 41258418