Access Keys:

 
 
Gaelscoil na mBeann agus Naíscoil na mBeann, Kilkeel, Newry

Coiscéimeanna na Coille- Footsteps in the Forest

3rd Oct 2024

Beidh Coiscéimeanna na Coille i bPáirc Foraoise Shliabh gCuillin ar ais i mbliana le hoíche iomlán Ghaeilge a chur ar fáil Dé Máirt 29ú Deireadh Fómhair.

Ionas go mbeadh an t-eispéireas is fearr ag na teaghlaigh uilig, beidh Aonad na Gaeilge ag cur bus saor in aisce ar fáil do dhaoine a bhfuil ticéad acu, ag imeacht ó Dhún Pádraig, Caisleán Uidhlín, Áth na Long, Cill Caoil, Ard Mhacha Theas agus Iúr Cinn Trá má tá go leor teaghlach ag teacht ó gach áit.

Leis seo a chomhordú go héifeachtúil, tá seisiúin molta againn thíos do na pobail sin:

17:00 Seisiún atá fóirsteanach do dhaoine a bhfuil uathachas orthu nó riachtanais ar leith le cur i láthair is gile agus ceol is ciúine – fáilte roimh chách ar an tseisiún seo

17:50 Muintir Iúr Cinn Trá

*18:40 Muintir Chill Caoil & Áth na Long*

19:30 Muintir Dhún Pádraig & Caisleán Uidhlín

20:20 Muintir Ard Mhacha Theas

20:55 Oscailte – Fáilte roimh chách ar an tseisiún seo – ach níl bus ar fáil

Beidh na ticéid ar fáil le cur in áirithe Dé Luain 7 Deireadh Fómhair óna 11:00 – https://www.visitmournemountains.co.uk/whats-on/giant-adventures/footsteps-in-the-forest

Má éiríonn libh ticéad teaghlaigh a fháil don tseisiún thuasluaite– gabh i dteagmháil le rúnaí na scoile nó le d’Oifigeach Forbartha áitiúil le clárú don bhus.

 

Dún Pádraig: Cumann Gaelach Leath Cathail leathchathail@gmail.com

Caisleán Uidhlín: Glór Uachtar Tíre gloruachtartire@hotmail.co.uk

Cill Caoil & Áth na Long: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar boircheiochtar@gmail.com

Ard Mhacha Theas: Gaelphobal Ard Mhacha Theas gaeilge.ardmhachatheas@gmail.com

Iúr Cinn Trá: Rúnaí Bhunscoil an Iúir

 •         Bhí an-éileamh ar na ticéid le roinnt blianta anuas, mar sin molaimid go mór a bheith ar líne ag an am sin chun an deis is fearr a thabhairt daoibh ticéad a chur in áirithe

•         Tá na ticéid agus an bus (má tá éileamh air) saor in aisce. Le gur féidir linn an líon is mó teaghlach a chuimsiú san fhéile, ní féidir ach DHÁ thicéad teaghlach a chur in áirithe in aon am amháin.

•         Clúdaíonn ticéad teaghlaigh suas go seachtar in aon teaghlach amháin.

 

Tá muid ag súil go mór le sibh a fheiceáil ag an imeacht draíochtúil seo.

 

------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Footsteps in the Forest will be returning this year to Slieve Gullion Forest Park with a fully Irish language night on Tuesday 29th October.

These are the times for the sessions that will take place through the medium of Irish: 17:00, 17:50, 18:40, 19:30, 20:20 and 20:55.

So that all families have the best experience, the Irish Language Unit will be providing ticket-holders with a free bus, departing from Downpatrick, Castlewellan, Annalong, Kilkeel, south Armagh and Newry, depending on demand in each area.

 To coordinate this effectively, we have suggested sessions below for those communities:

 17:00 A session suitable for people with autism or special needs with more lighting and quieter music - everyone is welcome to this session

17:50 Newry community

*18:40 Kilkeel & Annalong communities*

19:30 Downpatrick & Castlewellan communities

20:20 South Armagh community

20:55 Open – All welcome to this session – but no bus available

 

Tickets will be available to book on Monday 7 October from 11:00 – https://www.visitmournemountains.co.uk/whats-on/giant-adventures/footsteps-in-the-forest

 If you manage to get a family ticket for the suggested session for your area - contact the school secretary or your local Development Officer to register for the bus.

Downpatrick: Cumann Gaelach Leath Cathail leathcathail@gmail.com

Castlewellan: Glór Uachtar Tíre gloruachtartire@hotmail.co.uk

Kilkeel & Annalong: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar boircheiochtar@gmail.com

South Armagh: Gaelphobal Ard Mhacha Theas gaeilge.ardmhachatheas@gmail.com

Newry: Secretary of Bunscoil an Iúir

 • Tickets have been in high demand in recent years, so we highly recommend getting online as early as possible to give yourself the best chance of booking a ticket

• The tickets and the bus (if there is a demand for it) are free. In order for us to include as many families as possible in the event, only TWO family tickets can be booked at one time.

• A family ticket covers up to seven people in one family.

We look forward to seeing you at this magical event.